Ceardlanna scoile in Ionad Saorálaíochta agus Eolais Chúnamh Éireann
A mhúinteoir, beir an domhan leat isteach i do sheomra ranga, tabhair do mhic léinn chuig Ionad Saorálaíochta agus Eolais Chúnamh Éireann, ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Cuirimid turais taispeántais idirghníomhacha agus ceardlanna in aisce ar fáil do ranganna bunscoile agus meánscoile maidir le fadhbanna domhanda agus an obair a dhéanann Cúnamh Éireann chun ocras agus bochtaineacht a throid ar fud an domhain.
Le haghaidh scoileanna dara leibhéal
In Ionad Saorálaíochta agus Eolais Chúnamh Éireann, cuirimid ceardlanna scoile ar fáil maidir le forbairt agus ról na hÉireann ó thaobh ocras agus bochtaineacht a throid ar fud an domhain.
Trí pháirt a ghlacadh inár gceardlanna agus i dturas faoi threoir de thaispeántas idirghníomhach Khulungira, foghlaimeoidh mic léinn faoin saol i bpobal tuaithe san Afraic agus faoin ról ceannaireachta atá ag Éirinn sa troid i gcoinne na bochtaineachta.
Cé le haghaidh na ceardlanna?
Tá na ceardlanna ábhartha don Idirbhliain, don Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil agus don Tíreolaíocht, don Eacnamaíocht Bhaile agus don Reiligiún sa tSraith Shinsearach.
Is féidir linn ceardlanna a chur ar fáil do ranganna ón Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus ó Ghairmchlár na hArdteistiméireachta ach é a bheith socraithe linn roimh ré.
Sonraí
Tá na ceardlanna in aisce agus maireann siad ar feadh 90 nóiméad.
Le haghaidh bunscoileanna
Ag ár gceardlanna samhraidh do bhunscoileanna, bainimid úsáid as gníomhaíochtaí, as cluichí agus as ceol chun scrúdú a dhéanamh ar na naisc idir ár saol agus saol na ndaoine in áiteanna eile ar domhan. Tá an-chuid rannpháirtíochta i gceist sna ceardlanna seo, agus tá siad deartha chun go mbainfí an oiread taitnimh agus is féidir astu.
Foghlaimíonn daltaí conas mar is féidir le cosaint an chomhshaoil cabhrú chun saol na ndaoine i dtíortha bochta a fheabhsú.
Cé le haghaidh na ceardlanna?
Tá Clár Samhraidh na mBunscoileanna deartha go speisialta do dhaltaí ó 10-12 bhliain d’aois (ranganna bunscoile ó rang a trí go dtí rang a sé) agus beidh sé ábhartha don tSraith Timpeallachta Daonna den Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta, curaclam na Tíreolaíochta.
Sonraí
Bíonn ceardlanna samhraidh na mbunscoileanna ar siúl i mBealtaine agus i Meitheamh, Luain go hAoine ag 10.00 agus ag 12.00.
Tá na ceardlanna seo in aisce agus maireann siad ar feadh 90 nóiméad.
Ní mór beirt dhaoine fásta, lena n-áirítear múinteoir amháin, a bheith in éineacht le ranganna 30 dalta.
Déan Teagmháil Linn
Ní mór na ceardlanna seo a chur in áirithe roimh ré.
Chun cuairt a chur in áirithe, nó chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le 01 854 6932
nó seol ríomhtheachtaireacht