Skip to main content

Banlaochra Bia

Ester Jerome Mtegule, Oxfam Ireland's first Female Food Hero. Lyenge, Tanzania. 2011

Ainmníodh Ester Jerome Mtegule mar Mama Shujaa Wa Chakula nó mar Bhanlaoch Bia Oxfam na hÉireann, cuireadh an comórtas seo ar siúl den chéad uair sa bhliain 2011.

Ainmníodh Ester Jerome Mtegule mar Mama Shujaa Wa Chakula nó mar Bhanlaoch Bia Oxfam na hÉireann,  cuireadh an comórtas seo ar siúl den chéad uair sa bhliain 2011. Is ionann comórtas an Bhanlaoch Bia agus tionscnamh atá faoi stiúir Oxfam, a fhaigheann tacaíocht ó Chúnamh Éireann, a aithníonn agus a thacaíonn leis an ról ríthábhachtach atá ag na mná ina gcothú féin agus i gcothú a gcuid teaghlaigh.

Déanfaidh mé mo dhícheall le tacaíocht a thabhairt do bhantáirgeoirí bia. Tugann siad an tsíocháin agus an suaimhneas chun a dteaghlaigh agus chun an náisiúin ina iomláine. Agus tugann said an tsaoirse. Mionnaím duit nach ionann teaghlach nach bhfuil slándáil bia acu agus teaghlach atá saor.

Déantar comórtas na mBanlaoch Bia a cheiliúradh mar gheall ar chur go rathúil le táirgeadh bia, a nuálaíochtaí a roinnt agus próifíl na mbanfheirmeoirí, a chuireann an chuid is mó de bhia na Tansáine ar fáil a ardú. 

D’ardaigh Ester, a sholáthraíonn dá cúigear leanbh agus dá máthair ar a feirm i Lyenge, sa Tansáin, an toradh ón mbarra sorgam ó chúig mála go 75 mála in aghaidh na bliana.

Thug vótáil phoiblí an chéad duais d’Ester sa chomórtas atá ar stíl teilifíse réaltachta. Bhí sí i gcomórtas le naonúr iomaitheoirí eile a bhí roghnaithe as 7,000 iontráil, ó ‘champa aclaíochta’ feirmeoireachta. Chuaigh scéalta dochreidte na mbanfheirmeoirí seo i bhfeidhm go mór ar an tír, agus d’eascair díospóireachtaí maidir le ról na mban i dtáirgeacht bia ag leibhéal náisiúnta as sin.

Cuireann an comórtas a meastar a fhéachann 25 milliún duine de mhuintir na Tansáine air, le feasacht ar chearta na mban, athrú aeráide, feirmeoireacht inbhuanaithe agus VEID agus teileachumarsáid san fhiontraíocht.

Déanann Ester ionadaíocht anois ar fheirmeoirí ar a comhairle áitiúil agus roinneann sí an tarracóir, an duais a bronnadh uirthi, laistigh dá pobal. Thaisteal Ester, a ainmníodh mar dhuine de Rogha 10 Global Food Trailblazers AlertNet sa bhliain 2012, go hidirnáisiúnta ag caint faoin ról ar scála beag atá ag banfheirmeoirí.

“Déanfaidh mé mo dhícheall le tacaíocht a thabhairt do bhantáirgeoirí bia” a dúirt Ester. “Tugann siad an tsíocháin agus an suaimhneas chun a dteaghlaigh agus chun an náisiúin ina iomláine. Agus tugann said an tsaoirse. Mionnaím duit nach ionann teaghlach nach bhfuil slándáil bia acu agus teaghlach atá saor”.

How Irish Aid Supports Oxfam Ireland

We provide funding to Oxfam Ireland for their work in Tanzania. See a breakdown of our funding.