Skip to main content

Cuireann an tUachtarán Ó hUiginn in iúl go láidir gurb í an mhíchothromaíocht ollmhór ar fud an domh

Bochtaineacht, Ocras, Comhshaol/Athrú Aeráide, Nuacht/gné-alt, Éire, Domhanda, 2013
President Higgins' adress to the Hunger Nutrition and Climate Justice Conference 15-16 April 2013

“Ní easpa bia is cúis leis an ocras seo, ach masla mhorálta na bochtaineachta, atá cruthaithe agus coinnithe ag imeacht ag an míchothromaíocht ollmhór ar fud an domhain”.

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn i gCaisleán Bhaile Átha Cliath  maidin inniu agus é ag oscailt na comhdhála idirnáisiúnta “Ocras, Cothú, Ceart Aeráide” atá á comhreáchtáil ag Rialtas na hÉireann agus Mary Robinson Foundation - Climate Justice, go gcreideann sé féin gur ionann ocras domhanda  agus an sárú is mó ar chearta daonna sa 21ú hAois, agus gurb é an dúshlán eiticiúil is mó é a gcaithfidh an pobal domhanda aghaidh a thabhairt air.

Ina aitheasc do bhreis agus 350 toscaire ó 60 tír agus a lán tíortha i mbéal forbartha ina measc sin, dúirt an tUachtarán Ó hUiginn nach

“easpa bia is cúis leis an ocras seo, ach masla mhorálta na bochtaineachta, atá cruthaithe agus coinnithe ag imeacht ag an mhíchothromaíocht ollmhór atá ar fud an domhain”

agus mhol sé nuair a dhéantar feall ar thiomantais pholaitiúla do dhíothú nó d’fhóirithint ocrais agus cothaithe “ar mhaithe le leasa, náisiúnta nó domhanda, déantar treascairt dhúbailte ar dhaoine ocracha agus bochta an domhain”.

Ina aitheasc, léirigh an tUachtarán nach féidir neamhshuim a dhéanamh d’easpa rialachán i gceannacháin trasnáisiúnta talún agus in aistriú cearta uisce, in amhantraíocht ar thráchtearraí bia agus i gceisteanna struchtúracha laistigh de shocruithe airgeadais domhanda agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt air sin go práinneach.

Chuir an tUachtarán Ó hUiginn in iúl go dtacaíonn sé leis an iarraidh ar rialáil idirnáisiúnta  a chur i bhfeidhm ar cheannacháin trasnáisiúnta talún;

“Is éard a theastaíonn ná creat rialála láidir a thugann cosaint dár gcomhshaol leochaileach atá faoi bhagairt agus a aithníonn cearta úinéirí gabháltas beag talún fanacht ar a gcuid talún agus rochtain ar fhoinsí uisce a choimeád. Tá gá le forbairt a dhéanamh ar a leithéid de rialáil go comhoibríoch agus go trédhearcach, ag baint feidhme as taithí chleachtóirí ó thíortha i mbéal forbartha mar atá i láthair anseo inniu agus a léireoidh meas agus a bheidh freagrach don taithí maireachtála atá acu”

Dúirt an tUachtarán Ó hUiginn, agus é ag lua na hAfraice agus go háirithe an Afraic fho-Shahárach mar shampla de cheannacháin trasnáisiúnta talún agus d’aistriú cearta uisce chuig infheisteoirí:

“De bharr easpa meicníocht rialála nó monatóireachta fornáisiúnta do cheannacháin talún, tá  ardú tagtha ar cheannacháin talún trasnáisiúnta ó 15 mhilliún heicteár go dtí 20 milliún heicteár i 2009 go níos mó ná 70 milliún i 2012.”

Lean an tUachtarán air ag cur síos ar an gcaoi a bhfuil amhantraíocht bia ar fud an domhain ag cur le hardú ollmhór ar phraghas bhia-ábhar bhunúsaigh ar fud an domhain atá i mbéal forbartha agus tharraing sé aird ar an gcaoi a bhfuil smacht leanúnach ag corparáidí móra ar an earnáil bia, le, mar shampla, tá smacht ag cúig chuideachta ar 90% de thrádáil grán an domhain agus tá smacht ag trí chuideachta ar mhargadh tae an domhain.

Cé gur fháiltigh sé roimh an mbeart ó na cuideachtaí iltaobhacha, tríd an G20, córas eolais  faoi na margaí talmhaíochta a thabhairt isteach a chuirfeadh trédhearcacht ar fáil sna príomh mhargaí tráchtearraí, dúirt sé go raibh ceisteanna práinneacha eiticiúla agus morálta fanta fós maidir le hamhantraíocht bia a thagann chun cinn nuair a tharlaíonn gorta.

Mhol an tUachtarán Ó hUiginn tionscnaimh Rialtas na hÉireann a thug aghaidh ar cheisteanna ocrais agus cothaithe agus mhol sé freisin obair Chúnamh Éireann agus a phobal NGO-anna as ucht aird a tharraingt ar an riachtanas atá ann do chur chuige comhtháite maidir le slándáil bia agus cothaithe.

Chríochnaigh sé le béim a chur ar an ngá atá le rialáil chomh maith le hathchóiriú institiúideach agus struchtúrach.

“Ní fheadfaimid ligean leis an deis gan ár gcomh-dhaonnacht a chur i bhfeidhm ar na dúshláin seo. Tá sé níos práinní ná riamh an t-athchóiriú institiúideach agus struchtúrach a bhfuil gá leis a dhéanamh. Teastaíonn próisis a thagann ón mbun aníos agus ón mbarr anuas chun timpeallacht a chruthú a chuireann ar chumas ghrúpaí imeallaithe a gcuid cearta a éileamh. Ciallaíonn sé seo bacainní a bhraitear atá ann a shárú agus cinntiú go bhfuil na próisis pholaitiúla i leith an réitithe cuntasach, rannpháirtíoch agus misniúil.”