An tSaimbia

Tír thalamhiata san Afraic í an tSaimbia a bhfuil thart ar 13.5 milliún duine ina gcónaí inti. Tá sí thart ar deich n-uaire níos mó ná Éirinn. Ós rud é go bhfuil thart ar 60% den daonra ag maireachtáil faoi bhun thairseach na bochtaineachta, is é laghdú na bochtaineachta agus éagothroime, go háirithe i gceantair thuaithe, an dúshlán is mó atá le sárú ag an tír.

Tá Cúnamh Éireann ag cabhrú chun go gclárófar níos mó leanaí, go mór mór cailíní, i scoileanna, tá sé ag tacú le teaghlaigh atá beo bocht chun ioncam go leor a fháil chun freastal ar a gcuid riachtanas bunúsach laethúil agus ag cabhrú lena chinntiú go mbeidh níos mó le rá ag muintir na Saimbia faoi chinntí a bhaineann lena saol.        

  • Forbhreathnú
  • Cúlra
  • Ár gcuid oibre
  • Torthaí

Forbhreathnú

tSaimbia

Sracfhéachaint ar an tSaimbia

Daonra:

13.5milliún

Céatadán daoine ag maireachtáil ar níos lú ná $1.25 in aghaidh an lae:                     

64.3%

Rangú ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na NA:

164 as 187 tír

Tír Chomhpháirtíochta ó:

  1980

 

Éire agus an tSaimbia

Ó osclaíodh Ambasáid na hÉireann sa tSaimbia in 1980 agus ó cuireadh clár cúnaimh oifigiúil ar bun tá Cúnamh Éireann tar éis a bheith ag obair le heagraíochtaí éagsúla comhpháirtíochta lena n-áirítear an rialtas, na NA, institiúidí taighde idirnáisiúnta agus le gníomhaireachtaí cúnaimh chun ár gcuspóirí forbartha a chur chun cinn.

Tá siad sin leagtha amach inár bPáipéar Straitéise Tíre don tSaimbia 2013-2017 ina gcuirtear an creat ar fáil le haghaidh ár gcuid oibre.  Is é aidhm na Straitéise ná cabhrú chun bochtaineacht ainsealach, leochaileacht agus éagothroime a laghdú sa tSaimbia. Tá ár dtosaíochtaí ailínithe go dlúth leo siúd a leagadh amach i bPlean Straitéiseach Rialtas na Saimbia 2011-2015, an Séú Plean Forbartha Náisiúnta (PDF, 1.13mb)

Tá ár gclár tógtha ar thraidisiún fada obair mhisinéireachta agus forbartha a bhí ar siúl ag Éireannaigh sa tSaimbia. Bhí cumainn misinéirí na hÉireann i measc na bpríomhsoláthraithe seirbhísí sláinte agus oideachais ar feadh cuid mhaith den fhichiú haois. Is iomaí oibrí deonach agus comhairleoir deonach teicniúil as Éirinn a chabhraigh freisin le forbairt na Saimbia i gcaitheamh na mblianta. 

Mar aon leis an gcabhair a chuirimid ar fáil trí chláir dhéthaobhacha, tacaímid le hobair gníomhaireachtaí cúnaimh idir áitiúil agus idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí misinéireachta sa tSaimbia trínár scéimeanna maoinithe le haghaidh na sochaí sibhialta.

Táimid ag obair freisin chun an caidreamh trádála idir Éirinn agus an tSaimbia a fheabhsú agus tacaímid le roinnt comhpháirtíochtaí taighde agus foghlama idir institiúidí ardoideachais in Éirinn agus sa tSaimbia tríd an gClár um Chomhar Straitéiseach.

Tugtar tacaíocht gach bliain do líon mac léinn as an tSaimbia atá ag obair le comhpháirtithe Chúnamh Éireann le freastal ar chúrsaí in institiúidí tríú leibhéal in Éirinn agus in áiteanna eile.

Cúlra

Cúlra

Polaitiúil

Tá an tSaimbia ar cheann de na tíortha is síochánta agus is cobhsaí ó thaobh na polaitíochta de i ndeisceart na hAfraice. Fuair sí neamhspleáchas ón mBreatain Mhór in 1964 agus ba é Kenneth Kaunda an chéad Uachtarán faoin United National Independence Party (UNIP). 

Ba é an Movement for Multi-Party Democracy a bhuaigh an chéad toghchán ilpháirtí a gaireadh in 1991. Aistríodh an chumhacht go síochánta chuig Rialtas nua faoi stiúir an Uachtaráin Michael Sata sna toghcháin is déanaí a bhí ann in 2011.

Is iad na dúshláin is mó atá le sárú ag an rialtas ná laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht, ar an leibhéal ard dífhostaíochta agus ar éagothroime. Beidh sé ríthábhachtach feabhas a chur ar chaighdeán na seirbhísí poiblí, go háirithe i gceantair thuaithe, ina bhfuil rátaí arda bochtaineachta.

Geilleagrach

Tá geilleagar na Saimbia ag fás i gcónaí agus dhúblaigh an OTI ó 2005 i leith.  Bhí rátaí fáis 6% ar an meán ann sa tréimhse 2006-2010, agus baineadh amach 7.6% in 2009 in ainneoin torthaí na géarchéime geilleagraí domhanda. Is é $1,430 OTI per capita na Saimbia agus cé go bhfuil sé sin níos airde ná na rátaí sna tíortha comharsanachta, tá an-difríocht go deo idir an t-ioncam atá ag dreamanna éagsúla sa tír.

Bhí an tSaimbia ag brath go mór ar chopar a ghineann os cionn 70% de thuilleamh onnmhairithe na tíre faoi láthair. Mar sin féin, d’fhéadfadh an geilleagar fás níos tapúla fós dá mbainfí leas níos fearr as na hacmhainní mianraí, talmhaíochta agus eile atá tearc-úsáidte.

Táirgiúlacht íseal a bhíonn ag na teaghlaigh thalmhaíochta de ghnáth. Tá go leor sa tír nach bhfuil in ann leanúint ar aghaidh lena slite beatha mar gheall ar a gcleachtais bhochta thalmhaíochta, de bharr aonrú geografach, agus toisc nach féidir leo iasachtaí a fháil ná margaí talmhaíochta a rochtain. 

Cé go bhfuil barra bia eile, mar shampla casabhach ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí tá an tSaimbia ag brath go mór ar arbhar Indiach. Tá an comhthéacs forbartha sa tSaimbia ag athrú agus cé go raibh sciar 15% ag dul do chúnamh in acmhainní buiséadacha in 2010 tá an sciar sin íslithe go thart ar 7.7% in 2012.

Forbairt

Tá an tSaimbia rangaithe ag 164 as 187 tír ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na Náisiún Aontaithe (tá Éire rangaithe sa seachtú háit faoi láthair). Tá sí tar éis dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cuid de Spriocanna Forbartha na Mílaoise, go háirithe maidir le rochtain ar oideachas bunscoile agus laghdú ar mhortlaíocht leanaí agus máithreacha.  Ní mór cáilíocht na seirbhísí bunúsacha a fheabhsú, áfach. Ní mór an bhochtaineacht a laghdú níos tapúla. I measc na ndúshlán eile tá sláinte lag máithreacha, rannpháirtíocht íseal ag mná i gcinnteoireacht agus cosaint neamhleor an chomhshaoil.

Tá os cionn 60% de dhaonra na Saimbia bocht de réir an tsainmhínithe a thugtar ar dhaoine bochta, agus tá breis agus 42% díobh chomh bocht sin nach féidir leo a riachtanais bhunúsacha a chomhlíonadh. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás na mban scothaosta agus leanaí arb iad sin na daoine is leochailí sa tír. Tá an bhochtaineacht i bhfad níos measa i gceantair thuaithe.

Fulaingíonn céatadán ard de theaghlaigh na Saimbia, idir theaghlaigh uirbeacha agus theaghlaigh tuaithe, de bharr neamhshocracht bia ar bhonn ainsealach nó go sealadach. Tá Cúige an Tuaiscirt ar cheann de na cúigí is boichte agus meastar go bhfuil 75% de na daoine bocht agus go bhfuil os cionn 50% díobh sin beo bocht.

Tá VEID nó SEIF ar 14.3% den daonra agus cuireann sé sin le bochtaineacht agus le leochaileacht. Tá an-éagsúlacht ar bhonn tíreolaíoch agus inscne le sonrú sa ráta sin agus is minice mná ionfhabhtaithe ná fir.

Tá an tSaimbia leochaileach ó thaobh éifeachtaí an athraithe aeráide freisin mar gheall ar a nochtadh geografach, na hioncaim ísle atá ag daoine agus an chaoi a bhfuil siad ag brath ar fheirmeoireacht leorchothaitheach.‌

Ár gcuid oibre

Ár gcuid oibre

Tá ár gclár sa tSaimbia ag cabhrú le feabhas a chur ar shaol daoine bochta, go háirithe i gceantair thuaithe. Chuige sin oibrímid le heagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla ar leibhéil náisiúnta agus áitiúla lena n-áirítear eagraíochtaí rialtais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Ag cabhrú leis na teaghlaigh is boichte a dteaghlaigh a bheathú agus a chothú

Táimid ag soláthar cúnaimh do theaghlaigh leochaileacha chun feabhas a chur ar shlándáil bhia agus chothaithe, go háirithe i gceann de na limistéir is boichte sa tír, Cúige an Tuaiscirt. Áirítear leis seo tacaíocht a thabhairt do thionscadail chun feabhas a chur ar bharra agus ar mhargaíocht, chomh maith le cothú agus sláinte níos fearr a chur chun cinn.  Faigheann Comhairlí Ceantair tacaíocht bhliantúil ó Chúnamh Éireann chun seirbhísí rialtais áitiúil níos fearr a sholáthar do dhaonra 450,000 duine.

Tá clár náisiúnta ann a fhaigheann tacaíocht ó Chúnamh Éireann, a chuireann gníomhaíochtaí chun cinn a bhfuil teist rathúil orthu maidir le gannchothú a laghdú i measc leanaí. Táimid ag tacú chomh maith le taighde ar conas is féidir le beathú comhlántach baol míchothaithe a laghdú i measc naíonán óg.

A chinntiú go rachaidh níos mó leanaí ar scoil, go háirithe cailíní

Leagaimid béim láidir ar oideachas toisc an tionchar atá aige ar fhás eacnamaíoch, ar chothú, ar chomhionannas inscne agus ar an gcaoi ar féidir leis VEID agus SEIF a chosc nó a dtionchar a mhaolú.

Tá ár dtacaíocht dírithe ar a chinntiú go rachaidh níos mó leanaí ar scoil, go háirithe cailíní. Gné thábhachtach dár gcuid oibre is ea scoileanna a thógáil. Táimid ag cabhrú freisin chun feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais trí líon na múinteoirí a mhéadú, oiliúint mhúinteoirí a fheabhsú agus níos mó ábhar foghlama a sholáthar.

I measc na ngníomhaíochtaí eile a bhíonn ar siúl againn tá obair maidir le cosaint agus sábháilteacht leanaí, tacú le scoileanna a reáchtálann an pobal agus oideachas faoi VEID agus SEIF. 

Cosaint na dteaghlach is boichte

Táimid ag cabhrú chun leochaileacht na bpobal is boichte a laghdú trí chlár um chosaint shóisialta. Is éard a bhíonn i gceist leis an gclár sin den chuid is mó ná aistrithe airgid a sholáthar do theaghlaigh atá beo bocht. Tá os cionn 40,000 teaghlach ag baint tairbhe as an gclár faoi láthair agus is iondúil go n-íoctar beagán os cionn €8 in aghaidh na míosa leo. Táimid ag tacú freisin le forbairt beartais cosanta sóisialta ar fud na tíre. 

Cuntasacht i leith saoránach a fheabhsú

Gné a bhaineann lenár gcuid oibre go léir is ea rannpháirtíocht níos mós na saoránach agus cuntasacht níos mó rialtais a chur chun cinn chomh maith le cláir ina ndírítear ar cur le cumas bainistithe airgeadais phoiblí, neartú ról na Parlaiminte agus meáin a chur chun cinn a bheidh cothrom agus saor.

An tslí ina gcaithimid ár mbuiséad

Thar thréimhse cúig bliana Straitéis Tíre na Saimbia (2013-2017) tá sé beartaithe againn thart ar €69 milliún a chur ar fáil faoi réir infhaighteacht buiséid. Chaitheamar beagnach €18 milliún ag tacú lenár gclár forbartha in 2011. (féach Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2011 - Iarscríbhinn 9, Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann). 

Torthaí

Torthaí

Dul chun cinn na Saimbia

Tá dul chun cinn déanta ag an tSaimbia ar an leibhéal náisiúnta i roinnt réimsí: 

  • Tá geilleagar na Saimbia ag fás i gcónaí agus dhúblaigh an Olltáirgeacht Intíre (OTI) ó 2005 i leith.
  • Tá an céatadán den daonra atá bocht laghdaithe ó 63% in 2006 go dtí 61% in 2010.
  • Ba bheag nár dhúblaigh líon na leanaí atá ag freastal ar bhunscoileanna, ó 1.6 milliún in 2000 go dtí os cionn 3 mhilliún in 2010, agus tá beagnach an líon céanna buachaillí agus cailíní ag dul ar scoil.
  • Tá na rátaí leitheadúlachta maidir le VEID/SEIF ag ísliú (Bhí 16% de na daoine fásta ionfhabhtaithe in 2006 i gcomparáid le 13.5% díobh in 2009)
  • Fuair 58,000 tairbhí idir €5 agus €7 ina aghaidh an teaghlaigh gach mí faoin gClár Sóisialta um Aistriú Airgid.
  • Tá feabhas tagtha ar chumas maoirseachta na Parlaiminte.

An cúnamh a thugamar

D’imir Cúnamh Éireann ról sa dul chun cinn atá déanta ag an tSaimbia:

  • Tá níos mó ná 113,000 duine anois in ann uisce glan sábháilte a fháil agus tá rochtain ag breis agus 80,000 duine ar shláintíocht feabhsaithe i gCúige an Tuaiscirt
  • Neartaíodh cumas na hAireachta Forbartha Pobail, Sláinte Máithreacha agus Leanaí chun seirbhísí cosanta sóisialta a sholáthar.

 Tá cumas an Choiste um Chuntas Poiblí neartaithe agus tá 150 oifig toghcheantair curtha ar bun inar féidir le saoránaigh teagmháil a dhéanamh lena bhFeisirí áitiúla Parlaiminte.

Faigh Amach Tuilleadh

Íoslódáil Páipéar Straitéise Tíre Chúnamh Éireann

Leagtar amach i Evaluation of the Zambia Irish Aid Country Strategy Paper 2007-2010 (PDF, 450kb) an chaoi a bhfreastalaímid ar an timpeallacht forbartha atá ag athrú sa tSaimbia.