An Mhaláiv

Is tír bheag talamhiata in oirdheisceart na hAfraice í an Mhaláiv, thart ar leathoiread níos mó ná Éire. Braitheann breis agus 80% de mhuintir na Maláive ar fheirmeoireacht chun maireachtáil ach d’fhéadfadh éifeachtaí an athraithe aeráide amhail triomach agus tuile tionchar mór millteach a bheith acu ar fhómhair na tíre agus rannchuidigh siad le ganntanas bia ainsealach.

Tá an Mhaláiv ar cheann de phríomhthíortha comhpháirtíochta Chúnamh Éireann agus oibrímid le rialtas na Maláive agus le raon eagraíochtaí neamhrialtasacha, ag tacú le cláir trína gcinntítear go mbíonn barra níos fearr ag feirmeoirí, go mbíonn leanaí cothaithe go cuí agus go mbíonn guth ag muintir na Maláive faoin gcaoi a rialaítear a dtír. 

  • Forbhreathnú
  • Cúlra
  • Ár gcuid oibre
  • Torthaí

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Sracfhéachaint ar an Maláiv

Daonra:

17.2 milliún

Céatadán daoine ag maireachtáil ar níos lú ná $1.25 in aghaidh an lae:                     

 73.9%

Rangú ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na NA:

170 as 188

Tír Chomhpháirtíochta ó:

      2007

A large map of Malawi

Éire agus an Mhaláiv

Ó osclaíodh Ambasáid na hÉireann in Lilongwe in 2007, príomhchathair na Maláive d’oibrigh Cúnamh Éireann le raon eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla lena n-áirítear institiúidí rialtais, gníomhaireachtaí NA, institiúidí taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, oll-eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí cúnaimh chun ár gcuspóirí forbartha a bhaint amach, faoi mar atá leagtha amach inár Malawi CSP 10-14 (PDF, 924.8kb).

Anuas ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil tríd an gclár cúnaimh déthaobhach, tacaímid le hobair gníomhaireachtaí cúnaimh áitiúla agus idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí misinéireachta sa Mhaláiv tríd ár scéimeanna maoinithe le haghaidh na sochaí sibhialta.

Chuir sé sin cheana féin leis na naisc stairiúla láidre idir Éirinn agus an Mhaláiv. Agus i Márta 2010, shínigh ambasadóirí na hÉireann agus na SA sa Maláiv comhaontú creatlaí comhoibrithe trí bliana chun cuidiú leis an Maláiv lena troid i gcoinne ocrais agus neamhshláine an tsoláthair bhia.

Táimid ag obair chun caidreamh trádála idir Éirinn agus an Mhaláiv a fheabhsú agus tacaímid le roinnt comhpháirtíochtaí taighde agus foghlama idir institiúidí ardoideachais in Éirinn agus sa Mhaláiv tríd an gClár um Chomhar Straitéiseach.

 

Cúlra

Cúlra

Polaitiúil

Is daonlathas óg é an Mhaláiv. I ndiaidh neamhspleáchas a bhaint amach ón mBreatain in 1964, bhí Kamuzu Banda i gceannas ar feadh 30 bliain faoi chóras rialtais aon pháirtí. Reáchtáil an tír na chéad toghcháin ilpháirtí in 1994. Toghadh an tUachtarán Bingu wa Mutharika in 2004 agus shealbhaigh sé oifig an Uachtaráin go dtí a bhás gan choinne in Aibreán 2012, nuair a ghlac an tIar-Leasuachtarán, Joyce Banda mionn oifige.

Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag an Maláiv maidir le baint amach Spriocanna Forbartha na Mílaoise, atá ailínithe lena Straitéis Náisiúnta Fáis agus Forbartha féin. Díríonn an straitéis sin ar laghdú bochtaineachta agus ar fhás an gheilleagair, agus ar chosaint cearta daonna. Tá timpeallacht pholaitiúil chobhsaí lena mbaineann beartais náisiúnta agus institiúidí rialtais láidre ar féidir leo seachadadh seirbhísí ríthábhachtacha do mhuintir na Maláive a fheabhsú ríthábhachtach chun iadsan is leochailí a chosaint ó ghanntanais bhia agus ó thubaistí nádúrtha.

Geilleagrach

Tháinig fás geilleagrach éigin ar an Maláiv le blianta beaga anuas trí thacaíocht rialtais do chláir oideachais, cúraim sláinte agus cosanta comhshaoil. Ach tá geilleagar na tíre thar a bheith spleách ar thalmhaíocht, agus earraí amhail tobac, siúcra agus caife freagrach as 90% dá honnmhairithe.

Baineann thart ar 85% de mhuintir na Maláive a slí bheatha amach ón talamh agus an chuid is mó de dhaoine ag brath ar bharr bliantúil aonair de ghrán buí a fhástar i rith séasúr gearr báistí. Ní tháirgeann ach duine as cúigear feirmeoirí go leor bia chun é a dhíol ar an margadh. Bhí cruatan méadaithe i ndán do shaoránaigh na Maláive mar gheall ar thriomach agus ar bháisteach chorrach, anuas ar mhéadú tapa ar phraghsanna bia agus dianeasnaimh bhreosla agus leasacháin.

I láthair na huaire, tá an Mhaláiv spleách go fóill ar chúnamh, ar ionann é agus níos mó ná 30% den bhuiséad náisiúnta. Anuas ar Éirinn, rannchuidíonn an RA, an Ghearmáin, Ceanada, Daonphoblacht na Síne, an tSeapáin, an Iorua agus na Stáit Aontaithe le cúnamh don Mhaláiv.

Forbairt

Tá an Mhaláiv rangaithe ag 171 as 187 tír ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na Náisiún Aontaithe (tá Éire rangaithe sa seachtú háit faoi láthair). Tharla dianghanntanais bhia agus gorta sa tír roinnt uaireanta nuair a theip ar fhómhair mar gheall ar thriomach agus leanann sé ag streachailt chun a áirithiú go bhfuil a ndóthain le hithe ag daoine.

Ritheann an-chuid teaghlach as bia idir mí na Samhna agus an Márta, a dtugtar ‘an séasúr gortach’ air. Tá trian de mhuintir na Maláive neamhchothaithe. Tá níos mó ná duine as cúigear leanaí faoi aois a cúig faoi bhun an ghnáthmheáchain, bíonn gach leanbh as 20 leanaí ag fulaingt mar gheall ar fíor dhroch-chothú trom agus tá fás cranda le brath go forleathan.

Rinne drochnósanna feirmeoireachta díghrádú tromchúiseach ar an talamh ach anois tá modhanna feirmeoireachta nua ag cur feabhais ar thorthúlacht na hithreach agus méadú ar bharra bia, agus ag cosaint in aghaidh iarmhairt an triomaigh agus na dtuilte.

D’fhonn slándáil an tsoláthair bhia a fheabhsú, thug Rialtas na Maláive clár isteach chun costas síolta agus leasúcháin do na feirmeoirí is boichte a fhóirdheonú, a raibh feabhas suntasach ar bharra gráin bhuí mar thoradh air le blianta beaga anuas.

Bhí an phaindéim VEID agus SEIF thar a bheith dian sa Mhaláiv, deachaíodh glún agus fágadh na mílte leanaí ina ndílleachtaí. Le déanaí, áfach, tá an ráta leitheadúlachta laghdaithe go níos lú ná 12%. 

Ár gcuid oibre

Ár gcuid oibre

Sa Mhaláiv, oibríonn Cúnamh Éireann le heagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla ar leibhéil náisiúnta agus áitiúla lena n-áirítear institiúidí rialtais, gníomhaireachtaí na NA, institiúidí taighde idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha chun torthaí a bhaint amach sna trí phríomhréimse:

Talmhaíocht a fhorbairt

Má tá an Mhaláiv chun freastal ar riachtanais bhia na mbocht agus na bpobal bocht, ní mór di a hearnáil talmhaíochta a fhorbairt. Oibríonn Cúnamh Éireann i dteannta lenár gcomhpháirtithe chun táirgiúlacht bhia na Maláive a mhéadú ar bhonn inbhuanaithe trí dhul in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide. Áirítear leis sin:

  • Barra príomhbhianna amhail grán buí a mhéadú
  • Torthúlacht ithreach agus cleachtais bainistíochta talún a fheabhsú
  • Éagsúlachtaí barr nua agus níos scamhardaí a fhás
  • Taighde a dhéanamh le feirmeoirí
  • Cinntiú go mbeidh síolta agus leasachán ar fáil ar chostas inacmhainne

 

Tacaíonn Cúnamh Éireann le Clár Fóirdheonaithe Ionchur Feirme Rialtas na Maláive trína gcuirtear leasachán fóirdheonaithe agus síolta ardcháilíochta le haghaidh éagsúlacht barr ar fáil do 1.4 milliún feirmeoir bocht a bhfuil gabháltas beag acu.

Is clár maidir le slite beatha inbhuanaithe atá sa Chlár Tacaíochta Forbartha Áitiúla trína ndírítear ar 135,000 duine a chónaíonn i dtrí cheantar faoin tuath sa Mhaláiv atá tugtha do thriomach agus do thuile. Is é Concern Universal a dhéanann é sin a chur chun feidhme le tacaíocht ó Chúnamh Éireann. Díríonn sé ar chleachtais feirmeoireacht fheabhsaithe lena n-áirítear uisciú mionscála, éagsúlú bairr agus curaíocht gheimhridh.

Is é an International Potato Centre (CIP) atá á mhaoiniú ag Cúnamh Éireann a dhéanann taighde ar shíolta prátaí ardcháilíochta agus ar phrátaí milse a bhfuil dath flannbhuí ar bhia an phráta d’fhonn barra níos fearr a tháirgeadh. Tá an práta milis a bhfuil dath flannbhuí ar bhia an phráta saibhir i vitimín A agus is féidir barr luath de a tháirgeadh trína seach-chuirtear iarmhairt ‘an tséasúir ghortaigh’.

Dírímid trínar gcomhpháirtíocht leis an International Crops Research Institute for the Semi-Arid Tropics (ICRISAT) ar chothú caidreamh idir feirmeoirí, trádálaithe síolta agus an Rialtas chun infhaighteacht éagsúlachtaí síolta feabhsaithe agus rochtain orthu a fheabhsú.

Cothú a fheabhsú agus tacaíochtaí sóisialta a chur ar fáil

Is é aidhm ár gcuid oibre leochaileacht teaghlach a laghdú, a d’fhéadfadh droch-chothú, easpa tacaíochtaí sóisialta agus iarmhairtí tubaistí nádúrtha i gceantair atá tugtha do thriomach nó do thuile a bheith san áireamh léi.

De thairbhe go bhfuil breis agus aon leanbh as gach cúigear faoi chúig bliana d’aois faoi bhun an ghnáthmheáchain sa Mhaláiv, is príomhthosaíocht é an comhrac i gcoinne droch-chothaithe. Táimid ag tacú le clár náisiúnta le haghaidh siúcra a threisiú le vitimín A d’fhonn iontógáil laethúil vitimín A dhaonra na Maláive a mhéadú faoi 50%.

Ina theannta sin tacaímid le cláir náisiúnta trína gcuirtear cúram teiripeach ar fáil ar leibhéal an phobail do leanaí atá ag fulaingt mar gheall ar dhroch-chothú.

Is slí éifeachtach é a áirithiú nach n-éiríonn daoine níos boichte aistrithe airgid thirim shóisialta a chur ar fáil do theaghlaigh bhochta in amanna géarchéime amhail teipeadh barr. Táimid ag obair go dian chun comhar a neartú idir Rialtas na Maláive agus comhpháirtithe forbraíochta sa réimse maidir le cosaint shóisialta agus cuirimid cúnamh airgeadais ar fáil trí UNICEF ionas go mbeadh Clár Náisiúnta Sóisialta Aistrithe Airgead Tirim i roinnt ceantar éagsúil.

Tacú le rialachas daonlathach agus le seachadadh seirbhíse

Toisc gur daonlathas óg é, tá sé tábhachtach go mbíonn obair ar bun idir an Mhaláiv agus a saoránaigh agus go gcuirtear lena dtuiscint ar phróisis toghcháin agus chinnteoireachta trína mbíonn tionchar ar a saol.

Tacaímid le struchtúir náisiúnta agus cheantair agus tá sé mar aidhm againn córais a fheabhsú le haghaidh seachadadh seirbhíse feabhsaithe le béim faoi leith ar shlándáil an tsoláthair bhia agus ar athléimneacht teaghlach.

Cuirimid cúnamh ar fáil freisin do líonraí eagraíochtaí cosmhuintire trína ndéantar ionadaíocht ar son feirmeoirí beaga a mholann caiteachas rialtais níos éifeachtaí maidir le talmhaíocht agus sláinte agus maidir le hoideachas.

Agus tagaimid go láidir le troid na Maláive i gcoinne éillithe trí thacaíocht a thabhairt don Bhiúró Frith-Éillithe chun Straitéis Frith-Éillithe an Rialtais a chur chun cinn.

An tslí ina gcaithimid ár mbuiséad

Thar thréimhse cúig bliana Straitéis Tíre na Maláive (ó 2010 go 2014), tá sé beartaithe againn thart ar €65 milliún a sholáthar, faoi réir infhaighteacht buiséid. Chaitheamar €13 mhilliún chun tacú lenár gcláir fhorbartha in 2011 (féach Achoimre na Tíre Comhpháirtíochta de réir Earnála – Iarscríbhinn 9, Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2011 ). In 2012, tá sé beartaithe againn thart ar €10.5 milliún a sholáthar le haghaidh clár sna hearnálacha seo a leanas:

Torthaí

Torthaí

Dul chun cinn na Maláive

Ar leibhéal náisiúnta, rinne an Mhaláiv dul chun cinn suntasach sna réimsí a leanas:

  • Tá méadú 17% go náisiúnta ar tháirgeadh an bhairr phónaire in 2011.
  • Bhí farasbarr náisiúnta de ghrán buí dar mhéid 1.1 milliún tona mhéadracha ann in 2010 – feabhas suntasach i dtír ina raibh dian-ghanntanais bhia suas go dtí 2005.
  • Tá rátaí easnamh Vitimín A i measc leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois laghdaithe go 22% in 2011 ó 44% in 2008. 

An cúnamh a thugamar

D’imir Cúnamh Éireann ról sa dul chun cinn atá déanta ag an Maláiv.

  • Baineann 700,000 teaghlach bocht tairbhe as seirbhísí talmhaíochta agus cosanta sóisialta áitiúla a cuireadh ar bun le tacaíocht ó Chúnamh Éireann.
  • Faigheann breis agus 200,000 teaghlach bia i gceantair a bhíonn faoi thionchar triomaigh trí thacaíocht ó Chúnamh Éireann don Chlár Domhanda Bia
  • Bhí 1.4 milliún feirmeoir bocht ábalta leasachán inacmhainne agus síolta maithe a cheannach trí thacaíocht ó Chúnamh Éireann do Chlár Fóirdheonaithe Ionchur Feirme Rialtas na Maláive.
  • Forbraíodh pleananna ceantair chun feabhas a chur ar sheachadadh seirbhíse le haghaidh slándáil bia, cothú, sláinte, ioncam, agus rochtain ar uisce le cúnamh ó Chúnamh Éireann.

Bhain beagnach 140,000 duine leas as an gClár Náisiúnta Sóisialta Aistrithe Airgead Tirim le cúnamh ó Chúnamh Éireann.

Faigh Amach Tuilleadh

Leagtar amach i bPáipéar Straitéise Tíre Chúnamh Éireann i leith na Maláive 2010-2014  an chaoi ar fhreastalaímid ar an timpeallacht forbartha a bhíonn ag athrú sa Mhaláiv.

Malawi CSP 10-14 (PDF, 924kb)